Contae na Gaillimhe: Dún Uí Mhaoilíosa

 

Tugadh Dún Uí Mhaoilíosa ar láimh ar an 13 Feabhra 1922 d’fhórsaí faoi cheannas an Cheannfoirt Seán Broderick. Tógadh é in 1881 agus ba é iosta oiliúna na gConnaught Rangers cáiliúla, ceann de reisimintí Éireannacha Arm na Breataine. Tháinig fir a chuaigh isteach sna Rangers ó iarthar na hÉireann den chuid is mó agus bhí said ar fiannas ar fud an domhain. I 1920, chuir comhlacht de chuid na Rangers a bhí lonnaithe ag Jullundur san India frithcheilg ar siúl mar agóid in aghaidh ainghníomhartha na Breataine in Éirinn le linn Chogadh na Saoirse. I 1952, athainmníodh Beairic na Rinne Móire mar Dhún Uí Mhaoilíosa in onóir Liam Uí Mhaoilíosa, a bhí i gceannas ar Óglaigh na hÉireann le linn Éirí Amach na Cásca i nGaillimh agus a rinneadh Stiúrthóir Soláthairtí an IRA de le linn Chogadh na Saoirse. Chuir sé i gcoinne Chonradh 1922 agus cuireadh chun báis é mar dhíoltas as dúnmharú an pholaiteora Seán Hales a bhí ar son an Chonartha.

Is ann atá ‘An Chead Cath’ i nDún Uí Mhaoilíosa, cathlán Gaeilge an Airm a bunaíodh i 1924.

Castachtaí na Staire

 

B’fhéidir nach bhfuil aon bheairic a léiríonn castachtaí stair na hÉireann is a léiríonn Dún Uí Mhaoilíosa. Chomh maith le bheith ina bhaile do chathlán Gaeilge an Airm, ar ráiteas suntasach náisiúnta agus cultúrtha de chuid stát nua na hÉireann a bhí ina bhunú, coinníonn an bheairic dáimh don chéad go leith stair shaibhir de na Connaught Rangers - a n-oidhreacht seirbhíse don Choróin in Éirinn agus ar fud an domhain, agus frithcheilg bhaill an 2ú Cathlán de na Rangers chun tacú le saoirse na hÉireann, a chríochnaigh le cur chun báis an tSaighdiúr Singil James Daly i bPríosún Dagshai as a ról mar cheann feadhna.

 
Previous
Previous

Co. Dhún na nGall

Next
Next

Co. Bhaile Átha Cliath