Suaitheantas Óglaigh na hÉireann

Déanann siombail Óglaigh na hÉireann, arb ionann í agus an suaitheantas do ghnéithe talún, mara agus aeir Óglaigh na hÉireann, nasc idir an eagraíocht sa lá atá inniu ann agus bunús Óglaigh na hÉireann a bunaíodh i mí na Samhna 1913. Chuir Oifigigh Choimisiúnaithe dath dubh ar shuaitheantas a gcaipín agus iad faoi bhrón ar bhás Mhichíl Uí Choileáin i gcomhrac i mí Lúnasa 1922 agus tá an traidisiún seo ag Óglaigh na hÉireann ó shin i leith.


An ‘Cnaipe IV’

Tá traidisiún na gcnaipí práis ‘IV’ caomhnaithe ag an Arm ar a Chulaith Seirbhíse Uimh 1. Dearadh i dtosach é le húsáid ar chulaith Óglaigh na hÉireann agus faoi tús na bliana 1914 bhí dearadh na n-inisealacha ‘IV’ ar an dá thaobh den chláirseach (siombail thraidisiúnta ar bhratacha na hÉireann, a bheadh ina Séala Stáit ag tráth níos déanaí) ar chéad chultacha an Airm Náisiúnta in Eanáir 1922 agus tá sin againn ó shin i leith.

“I’m a proud member of Óglaigh na hÉireann and have pride in our rich history. I marched in the 90th Anniversary of the 1916 Rising Parade as a member of the Reserve. In 2016 I had the honour of carrying the National Flag during the Centenary Parade. I’m the first of my family to join since my great grandfather, Cathal Brugha who served as Chief of Staff of the Army, the first President of the Dáil and subsequently as Minister for Defence.”

Capt Gearóid Ó Briain, No 1 Operations Wing, the Air Corps.