1922: Aistriú na mBeairicí
Tréimhse athraithe mhóir in Éirinn ab ea 1912 go 1922. Ba é Cogadh na Saoirse 1919-1921 a tharla mar thoradh ar an suaitheadh polaitiúil seo a chuir Éirí Amach na Cásca 1916 dlús leis. Ba é toradh polaitiúil an chogaidh sin ná gur ghlac tromlach daonlathach chonradh Angla- Éireannach mhí na Nollag 1921. Troideadh Cogadh Cathartha nimhneach ó Mheitheamh 1922 go Bealtaine 1923, a tharla de dheasca cheisteanna gan réiteach faoi chríochdheighilt na hÉireann agus faoin mionlach suntasach a dhiúltaigh don Chonradh, le hainghníomhartha déanta ag an IRA frith-Chonartha agus ag an Arm Náisiúnta araon ag láithreáin lena n-áirítear Cnoc na nGaiseal agus Bailte Ó Síoda. In ainneoin gur chríochnaigh an tréimhse leis an gcoimhlint thragóideach seo, tháinig Saorstát Éireann chun cinn mar thoradh ar na deich mbliana réabhlóideacha.
Ba ócáid thábhachtach i stair mhíleata, shóisialta agus náisiúnta é aistriú beairicí míleata i 1922. B’ionann imeacht gharastún na Breataine – léiriú fisiciúil chumhacht na Breataine in Éirinn - agus deireadh seacht gcéad bliain de riail choilíneach.
Beggars Bush, 1922
Traidisiún Seirbhíse
Tá 15 de na beairicí agus de na bunáiteanna a glacadh ar láimh i 1922 fós in úsáid feidhme ag Óglaigh na hÉireann.
Ba é Tor an Bhacaigh an chéad bheairic a tugadh ar láimh, ar an 31 Eanáir 1922. An lá dár gcionn, mháirseáil na chéad saighdiúirí faoi éide den Arm Náisiúnta nua, ó aonad ar a dtugtar an Garda Bhaile Átha Cliath, ó Pháirc an Fhionnuisce, trí shráideanna Bhaile Átha Cliath, go Tor an Bhacaigh don searmanas oifigiúil.
Ba é an Dún Ríoga i mBaile Átha Cliath an ceann deireanach a tugadh ar láimh. Athainmníodh Dún Uí Choileáin é ina dhiaidh sin, mháirseáil Óglaigh na hÉireann amach den uair dheireanach i 1997 agus rinneadh cuid d’Ard-Mhúsaem na hÉireann de.
“My unbroken family service in Óglaigh na hÉireann commenced in 1922 with my great grandfather, continued with my grandfather and then my father. Now I serve alongside my sister and two brothers, while my oldest brother is a member of An Garda Síochána. My Dad died in service in 1997, and I feel like Mammy has served too.”
Sgt Shirley Stafford, 103 Sqn, the Air Corps.
“2022 is a very significant year for my family. My great grandfather Gerard Boland and two great grand uncles, Harry and Edmund Boland fought in both the War of Independence and Civil War. My great grandfather subsequently held many ministerial cabinet positions, including Minister for Justice. Gerard and Harry Boland are buried in the Republican Plot.”
Lt Comdr Aonghas O’ Neachtáin, Naval Service Ops Command