Contae Dhún na nGall: Campa Fionnabhair
Tugadh Campa Fionnabhar, atá lonnaithe i mBéal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall, ar láimh ar an 17 Feabhra 1922. Téann a bhunús siar go 1896, nuair a cheannaigh Oifig Chogaidh na Breataine an talamh chun campa oiliúna a bhunú; I measc siúd a fuair oiliúint ann bhí an 36ú Rannán (Ulaidh) roimh a seirbhís sa Chogadh Mór.
Le linn na ‘dTrioblóidí’ (an choimhlint eitnea- náisiúnach i dTuaisceart Éireann ó dheireadh na 1960idí -1998) bhí Campa Fionnabhair ar cheann de roinnt beairicí agus bunáiteanna i gContae Dhún na nGall a bhí suite gar don teorainn le Tuaisceart Éireann, mar aon le Bearic Chnoc na Carraige agus Dún Leifear. Ar an 1 Meán Fómhair 1973, cuireadh an 28ú Cathlán Coisithe i ngníomh agus tháinig sé in áit na ngrúpaí coisithe sealadacha a bhí ag feidhmiú as Campa Fionnabhair ó 1969-1973. Bhí ceanncheathrú an Chathláin lonnaithe i gCampa Fionnabhair in éineacht le Complacht ‘C’ agus Complacht ‘Tacaíochta’. Bhí Complacht ‘A’ lonnaithe i Leifear agus Complacht ‘B’ ag Cnoc na Carraige. Faoi láthair, is é an t-aon bheairic i gcontae Dhún na nGall agus tá sé fós mar bhaile don 28ú Cathlán Coisithe.