Contae Bhaile Átha Cliath: Dún Mhic Aoidh, Dún Chathail Bhrugha, Aeradróm Mhic Easmuinn, Ospidéal Naomh Bricin

 

Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an líon is mó bunáiteanna míleata fós in úsáid ag Óglaigh na hÉireann.

Tógtha idir 1888 agus 1892, tá Dún Mhic Aoidh (Marlborough roimhe seo) suite in aice le Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Tugadh ar láimh é ar an 17 Nollaig 1922. Athainmníodh é i 1926 I ndiaidh
an Bhriogáidire Richard ‘Dick’ McKee, príomhbhall d’Arm Phoblacht na hÉireann a gabhadh agus a maraíodh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse.

Is é Dún Chathail Bhrugha ceanncheathrú 2ú Briogáid an Airm. I measc na n-aonad mór atá lonnaithe ansin tá an 7ú Cathlán Coisithe agus an 2ú Scuadrún Marcra, a sholáthraíonn Coimhdeacht Onóra an Uachtaráin. Is ann freisin atá an Chartlann Mhíleata agus Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann. Tugadh ar láimh é ar an 17 Bealtaine 1922 agus, i 1952, athainmníodh é i ndiaidh Chathail Brugha, an chéad Aire Cosanta.

Ghlac trúpaí an Airm Náisiúnta seilbh ar aeradróm an Aerfhórsa Ríoga i mBaile Dhónaill ar an 3 Bealtaine 1922. I 1928 rinne na Bremen an chéad eitilt trasatlantach thoir-thiar rathúil, ag imeacht as seo leis an gCaptaen Éireannach James Fitzmaurice mar chomhphíolótach. I 1965 athainmníodh é mar Aeradróm Mhic Easmuinn, in onóir an náisiúnaí Éireannaigh Sir Roger Casement, a chuir na Sasanaigh chun báis mar gheall ar thréas i 1916. Inniu tá sé fós mar cheanncheathrú ag Aerchór na hÉireann. Thosaigh Ospidéal Míleata Naomh Bricin, Ospidéal Rí Seoirse V roimhe seo, á thógáil i 1909 agus tá sé suite i gceantar Chnoc an Arbhair sa chathair. Tugadh ar láimh é ar an 17 Nollaig 1922.

Previous
Previous

Co. na Gaillimhe

Next
Next

Co. Chill Dara agus Cill Mhantáin