Contae Chill Dara agus Cill Mhantáin: Campa an Churraigh agus Chúil Mhúirne
Tugadh Campa an Churraigh ar láimh ar an 16 Bealtaine 1922. Bhí na trúpaí a bhí freagrach as seilbh a ghlacadh ar an gcampa faoi cheannas an Leifteanantghinearál JJ ‘Ginger’ O’Connell. Ag a 12 a chlog an lá sin, dhreap Ó Conaill an túr uisce sa Churrach agus thóg sé an trídhathach ansin den chéad uair. Toisc gur ghearr síos na Sasanaigh, a bhí ag imeacht, cuaille na brataí, thacaigh beirt oifigeach leis agus an bhratach ardú. Tá an ócáid doiciméadaithe i ngrianghraf aitheanta. Bhí ‘Ginger’ ina Ghinearáloifigeach i gCeannas Champa an Churraigh le linn an Chogaidh Chathartha. Faoi láthair is é an Currach baile Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann.
Tugadh Campa Chúil Mhúirne, Contae Chill Mhantáin, ar láimh ar an 21 Feabhra 1922. Tá an Campa, atá suite in aice le raon airtléire Ghleann Imaal, laistigh de rochtain éasca ar Shléibhte Chill Mhantáin, agus níos lú ná 40 nóiméad tiomána ón gCurrach, fós ina lárionad tábhachtach d’oiliúint Óglaigh na hÉireann, agus téann beagnach gach ball den Arm tríd ag céim éigin dá ngairm bheatha.