Contae Chorcaí: Dún Uí Choileáin agus Campa Chill Uird

 

Tugadh Dún Uí Choileáin, Corcaigh, ar a dtugadh Dún Victoria roimhe seo, ar láimh don Arm Náisiúnta ar an 18 Bealtaine 1922. Tógadh é idir 1801 agus 1806 agus ainmníodh é mar Dhún Victoria in 1849 chun cuairt na Banríona Victoria a chomóradh. Ag am an aistrithe i 1922 ba bhaile é do reisimintí British North Staffordshire, Hampshire agus York.

Tá an bheairic lárnach i roinnt imeachtaí suntasacha de Chuid Réabhlóid na hÉireann. Lámhachadh Thomas Kent, an t-aon fhear a cuireadh chun báis lasmuigh de Bhaile Átha Cliath as a ról in Éirí Amach na Cásca 1916, anseo. Le linn Chogadh na Saoirse, bhí baill de na ‘Póiliní Cúnta’ iomráiteacha (constáblaí sealadacha Chonstáblacht Ríoga na hÉireann) a bhí lonnaithe anseo páirteach i nDó Chorcaí. Sa lá atá inniu ann, is é an beairic ceanncheathrú 1ú Briogáid an Airm agus tá roinnt aonad airm eile ann.

Tugadh Campa Chill Uird ar láimh ar an 10 Feabhra 1922. I 1966 athainmníodh é mar Champa Uí Loingsigh, in onóir Cheann Foirne an IRA, an Ginearál Liam Ó Loingsigh, a bhí i gcoinne an Chonartha. Chuir bás Uí Loingsigh ar an 10 Aibreán 1923, i gcomhrac i gcoinne trúpaí an Airm Náisiúnta, deireadh leis an gCogadh Cathartha. Sa lá atá inniu ann, is ionad gníomhach agus tábhachtach é Campa Úí Loingsigh d’oiliúint Óglaigh na hÉireann.

Next
Next

Co. Chill Chainnigh